YouTube Videos

Monday 13 January 2014

Tá mé ar ais!!

Bliain Úr faoi mhaise daoibh uilig! Mo leithscéal faoi mhoille na bpostanna seo ach ó phostáil mé an chéad phost ar an bhlag úr seo tharla go leor leor rudaí agus ní raibh bomaite le sparáil agam! Seo achoimre ar mo shaol le cúpla mí anuas!
Ag deireadh mhí na Samhna bhí mé iontach gnóthach ar fad le hobair chúrsa don Ollscoil agus ag an am céanna bhí ag iarraidh ullmhú do mo thuras go Barcelona agus bhí mé ag obair achan deireadh seachtaine chomh maith! Agus ansin baineadh geit galánta asam ar an 2 lá de Nollaig (muna raibh a fhios agaibh tá mo bhuachaill ina chonaí san Astráil ó Eanair 2013 anois) ach ar an lá seo bhí tháinig sé ar ais seachtain níos luaithe ná mar a d'inis sé dom agus bhí ionadh an domhain orm - tháinig sé aniar aduaidh orm agus mé i mo shuí i mo theachsa i mBéal Feirste gan clú agam go raibh sé le theacht ar ais! Bhí sé ar dóigh! Chuaigh an beirt againn go Barcelona an tseachtain ina dhiaidh sin agus bhain muid an-sult as. Ansin idir oícheanta amach le mo chairde agus a bheith ag obair sa bhialann ní raibh sé i bhfad go dtí go raibh Lá Nollag ann! Uaslódáilfidh (?) mé grianghraf de mo fheistis éide uilig a chaith mé um Nollaig mar fuair mé cúpla píosaí deasa don ocáid! 
Maidir le bia de, mar is eol daoibh is vegetarian mé anois agus bhí seo mo chéad Nollaig gan fheoil! Ach i ndairíre ní raibh mé ró-bhuartha faoi sin mar ní raibh dúil agam riamh i dturcaí nó liamhás (ham) ar chóir ar bith! Rinne mo aintín s'agam nutloaf dom cibé agus d'ith mé sin chomh maith le bachlóga Bhruiséile (brussel sprouts! :) ), búiste (stuffing) , meacain bána (parsnips>cheap mé an litriú iolru mé féin mar sin thiocfadh leis a bheith contráilte!) agus anlann cranberry! Agus sin a bhí agam! Bhí sé dochreidte leis an fhírinne a insint! Ní dóigh liom go n-aontóidh sibh liom ach sin an cineál bia is maith liom. Glasraí agus glasraí! 
Le críochnú ba mhaith liom shout-out a rá le mo chéad fhostaí! Beidh Niamh Ní Ghiobúin ina eagarthóir dom don bhlag seo mar tá bua na ríomhairí aici agus níl clú agam fúthú! Go raibh maith agat Niamh!;) ;) ;) 

Beidh mé ar ais le tuairisc ar fhaisin na Nollag gan mhoill! :D

Le grá - Amy x

Na girseachaí Powerpuff do Oíche Shamhna!! Cad é bhur mbarúil?? x

No comments:

Post a Comment