YouTube Videos

Tuesday 21 January 2014

Buidéil 'Bobble' - táirge neamhdhíobhálach don timpeallacht agus do do shláinte!

Tráthnóna maith daoibh uilig. Tá mé chun taispeáint dóibh anois buidéil fachoinne uisce a bhfuair mé mar cineál bronntanas ó mo mhamaí ar na mallaibh. 'Bobble' an t-ainm atá ar an bhranda agus rud atá cruthaithe acu nó buidéil uisce a dtig leat usáid a bhaint as níos mó na úr nó dhó agus a síothlaíonn (filters) an uisce agus tú a n-ól! AGUS AN RUD IS TÁBHACHTACH: tá sé saor ó BPA!  An rud atá i gceist le BPA nó gur ceimiceach éigean é atá i láthair in earraí plaisteacha, na buidéil óna n-ólann muid san áireamh agus tháinig sé amach go bhfuil an BPA seo íontach íontach olc dár sláinte agus tá féidireacht ann go cúisíonn sé ailse! Ach ba chóir daoibh tuilleadh eolas a fháil ón idirlíon mar ní saineolaí mé agus tá a fhios agam gur fearr buidéal a mhaireann níos mó na seachtain nó mar sin. Seo pictúir de mo cheannsa : 
Galánta nach bhfuil! An rud a maith liom faoi
ná go dtig liom an uisce as an sconna i mBéal Feirste a ól anois mar leis an fhírinne a inse de ghnáth
bíonn blas gránna déistíneach air! Cuirfidh mé nasc don suíomh idirlíon ionas go mbeidh sibh ábalta tuilleadh eolas a fháil air. Agus má tá dúil agaibh ann tig libh é a fháil ar Amazon nó fuair mise é sa siopa Natural Way i Leitir Ceannain. €14 ach mairfidh sé níos faide ná mar a mhairfeadh 50 gnáth-bhúidéil a chosnaíonn €1.50 (approx) agus is sábháil suntasach é sin!

No comments:

Post a Comment