YouTube Videos

Tuesday 19 November 2013

Fáilte Romhaibh!!! :)

Hi achan duine!! 
Fáilte chuig mo bhlag! Tháinig an smaoineamh le blag a cruthú chugam an tseachtain seo caite nuair a bhí mé ag amharc ar TG4, clár darbh ainm 'Roisín' le bheith cruinn. Bhí sí ag cur agallamh ar beirt ghirseach a raibh blaganna acu agus bhí ceann amháin acu i nGaeilge!! Char chuala mé riamh ar bhlag as Gaeilge ach láithreach bhí spéis éigin musclaithe ionam. Tá fíor-ghrá agam don Ghaeilge agus faoi láthair tá mé ag déanamh céim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis agus mar sin shíl mé go mbeadh seo bealach iontach chun mo Ghaeilge a chleachtadh agus chun an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid go leathúil! Ní bheidh an blag seo dírithe go hiomlán ar an Ghaeilge ach ar na rudaí eile a thaitníonn liom ar ndóigh faisean, smideadh, cúrsaí sláinte (vegetarian atá ionam...!)*, taisteal (chuig na hOileáin Bhaléaracha go háirithe) agus rudaí áirithe eile a bhaineann le mo shaol féin. Déanfaidh mé iarracht focail deacra a mhíniú i ndiaidh achan post ach caithfidh mé a admháil níl mo chuid Gaeilge foirfe agus déanfaidh mé botúin ach níl sin tábhachatach! Beatha teanga í labhairt! (nó scríobh sa chás seo ach cibé!) Ní ach réamhrá é seo ach beidh mé ar ais le 'post' eile amárach. 
Seo mise! gabh mo leithscéal nach bhfuil meangadh orm ach
bhí áthas orm, cinnte go raibh!
Ciao! 

Amy x