YouTube Videos

Tuesday 19 November 2013

Fáilte Romhaibh!!! :)

Hi achan duine!! 
Fáilte chuig mo bhlag! Tháinig an smaoineamh le blag a cruthú chugam an tseachtain seo caite nuair a bhí mé ag amharc ar TG4, clár darbh ainm 'Roisín' le bheith cruinn. Bhí sí ag cur agallamh ar beirt ghirseach a raibh blaganna acu agus bhí ceann amháin acu i nGaeilge!! Char chuala mé riamh ar bhlag as Gaeilge ach láithreach bhí spéis éigin musclaithe ionam. Tá fíor-ghrá agam don Ghaeilge agus faoi láthair tá mé ag déanamh céim sa Ghaeilge agus sa Spáinnis agus mar sin shíl mé go mbeadh seo bealach iontach chun mo Ghaeilge a chleachtadh agus chun an Ghaeilge a spreagadh agus a úsáid go leathúil! Ní bheidh an blag seo dírithe go hiomlán ar an Ghaeilge ach ar na rudaí eile a thaitníonn liom ar ndóigh faisean, smideadh, cúrsaí sláinte (vegetarian atá ionam...!)*, taisteal (chuig na hOileáin Bhaléaracha go háirithe) agus rudaí áirithe eile a bhaineann le mo shaol féin. Déanfaidh mé iarracht focail deacra a mhíniú i ndiaidh achan post ach caithfidh mé a admháil níl mo chuid Gaeilge foirfe agus déanfaidh mé botúin ach níl sin tábhachatach! Beatha teanga í labhairt! (nó scríobh sa chás seo ach cibé!) Ní ach réamhrá é seo ach beidh mé ar ais le 'post' eile amárach. 
Seo mise! gabh mo leithscéal nach bhfuil meangadh orm ach
bhí áthas orm, cinnte go raibh!
Ciao! 

Amy x

1 comment:

  1. Amy. Tá áthas an domhain orm go raibh an smaoineadh seo agat. B'fheidir go ndeanfaidh me an rid gceanna! Tá dúl mór agam I bfhaisean agus smuideadh fresin. Ní raibh fhios agam gur bheiditheraín thú. Wht do you think of my Irish spelling of vegitarian it's nice. You should smile for your photo or else people will get intimidated!

    ReplyDelete